Bigí linn ar an toinn i mbliana arís ag Swell

Scannal, Kneecap, Moya Brennan, Ye Vagabonds, Clann Mhic Ruairí, Inni K,  go díreach cuid dena grúpaí a bheidh le cluinstin ag Swell 2018, Féile Ceoil agus Ealaíne ar Oiléan Árainn Mhór i nDún na nGall.

Don tríú bliain as a chéile beidh Stáitse na nGael ag cur ardán ar fáil do cheoltóirí, idir óg agus aosta, atá ag cleachtadh a gceirde as Gaeilge ar an Domhnach an 27ú idir a 2 agus a 2!

‘S é Dónall Mac Ruairí, láithreoir le RTÉ Raidió Na Gaeltachta, a bheidh mar fhear a tí arís i mbliana agus é ag súil go mór le fáilte a chur roimh cheoltóirí as achan chearn den tír isteach go hOileán Árainn Mhór.

Cé go mbeidh go leor acu sin a bhí i lár an aonaigh linn arís i mbliana, Emma Ní Fhíoruisce agus JJ Ó Dochartaigh, beidh go leor ag teacht isteach thar toinn i mbliana don chéad uair agus deir Dónall go bhfuil sé ag súil go mór le seit Anne Martin as Eilean Sgitheanach i gcomhar le ceoltóirí an cheantar Eoghan Mac Giolla Bhríde, Niall Haicéad agus Micheál Danny Minnie Ó Domhnaill.

Dar ndóigh, ar na stáitsí eile, beidh ceoltóirí agus buíonta d’achan chineál Ryan McMullan, Orchid Collective, The California Feetwarmers, Accidents In The Workplace, TPM agus go leor eile nach iad.

Bigí linn ar an toinn i mbliana arís ag Féile Ceoil agus Ealaíne Swell ar Oileán Árainn Mhóir, 27ú go 29ú Iúil, gabh chuig www.swellfestival.com agus lean muid ar Facebook: Swell Festival, Instagram: Swell Festival agus ar Twitter: @SwellFestival

Féile Swell ar Oileán Árainn Mhóir Co. Dhún na nGall from Meon Eile on Vimeo.

 

Leave a Reply