Bigí linn ar an toinn i mbliana arís ag Féile Swell

clann-mhic

Tá sé buailte linn arís Féile Ceoil agus Ealaíne Swell suite sa Ghaeltacht ar Oileán Árainn Mhóir amach uaidh chósta Dhún na nGall agus dar ndóigh béim ollmhór á chur ar cheol agus ar fhilíocht na Gaeilge ann.

Don dara bliain as a chéile beidh Stáitse na nGael ag cur ardán ar fáil do cheoltóirí, idir óg agus aosta, atá ag cleachtadh a gceirde as Gaeilge.

‘S é Dónall Mac Ruairí, láithreoir le RTÉ Raidió Na Gaeltachta, a bheidh mar fhear a tí arís i mbliana agus é ag súil go mór le fáilte a chur roimh ghlór ‘Clannad’ Máire Ní Bhraonáin agus a clann, a bhí mar phríomhaíonna ar an stáitse anuraidh.

Cé go mbeidh go leor acu sin a bhí i lár an aonaigh linn arís i mbliana, Clann Mhic Ruairí, Emma Ní Fhíoruisce, Árchú, JJ Ó Dochartaigh, Lauren Ní Chasaide agus Megan Nic Ruairí, beidh maighdeana go leor ag teacht isteach ar an toinn i mbliana. Ina measc siúd beidh Spats Columbo, Diane Ní Chanainn agus príomhaíonna na bliana seo Imlé, buíon a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu mar cheannródaithe cheol comhaimseartha na nGael.

Muna bhfuil go leor ansin, beidh idir fhilí agus cheoltóirí den scoth as Albain inár gcuideachta, Síneag Nic A’ tSaoir, Pàdraig Mac Aoidh agus bean a mheallfadh an fhuiseog ón aer Kathleen MacInnes.

Dar ndóigh, ar na stáitsí eile, beidh ceoltóirí agus buíonta d’achan chineál Mundy, Mark Geary, Orchid Collective, The California Feetwarmers, The Emerald Armada agus go leor eile nach iad.

Bigí linn ar an toinn i mbliana arís ag Féile Ceoil agus Ealaíne Swell ar Oileán Árainn Mhóir, 21ú go 23ú Iúl, gabh chuig www.swellfestival.com agus lean muid ar Facebook: Swell Festival, Instagram: Swell Festival agus ar Twitter: @SwellFestival

Leave a Reply